1. Scoláireacht sa Rannóg Pleanála & Polasaí
Tá Scoláireacht suas go 2 bhliain á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta
d’iarratasóirí Gaeltachta le líofacht Ghaeilge chun oiliúint fhoirmiúil
agus taithí phraiticiúil a fháil i réimse oibre na pleanála.
Duine cumasach le cáilíocht 3ú leibhéal i réimse oibre na pleanála atá
á lorg. Ní mór cruinneas maith scríofa agus labhartha i nGaeilge agus
i mBéarla a bheith ag iarratasóirí chomh maith le scileanna
anailíseacha d’ardchaighdeán agus taithí in úsáid bogearraí
ríomhaireachta do chuspóirí taighde agus anailíse.
Beidh an duine seo ag tacú le foireann na Rannóige Pleanála agus
Polasaí i bhfeidhmiú plean oibre. Áirítear gníomhaíochtaí dírithe ar
ullmhú taighde, réiteach plécháipéisí agus aighneachtaí, coinneáil
eolais ábhartha cothrom le dáta agus ullmhú pleananna gnímh mar
chuid den obair a bheadh idir lámha ag an té a cheapfar.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta, Na
Forbacha, Co.na Gaillimhe. Íocfar liúntas €23,000 - €25,000 leis an
té sin. Cuirtear iarratais mar aon le CV, roimh an Aoine, 20
Meitheamh 2014 chuig: An Rannóg Acmhainní Daonna, Údarás na
Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Teil: 091 503100 Ríomhphost: p.oconghaile@udaras.ie