Scéal digiteach: caoineog torthaí a dhéanamh. Tá cúpla cluichí agus áiseanna breise freisin. Tá an scéal digiteach oiriúint don téáma bia.
Digital story: Making a fruit smoothie. There are games and other resources. The digital story is suitable for the theme of food.
10. Caoineog Bricfeasta
1. Ar dtús, cuir an sú oráiste,
deoch iógart agus an spúnóg
meala sa chumascóir.
2. Brúigh an cnaipe ar an
gcumascóir.
Cumascóir
11. Caoineog Bricfeasta
3. Tar éis leath-nóiméad, cuir an banana agus an
oráiste sa chumascóir agus é ar siúl.
4. Ansin, tar éis deich soicind, cuir na sútha craobh
reoite isteach sa chumascóir.
5. Anois tá an caoineog réidh. Doirt an Caoineog
isteach sa ghloine agus bain taitneamh as!!
32. Dánta agus rannta
Lón
Féach céard ’tá i mo bhosca
inniu agus gach uile lá
ceapann mo mham go bhfuil mé
ag titim síos le gá.
Bíonn an bosca lán le ceapairí
agus i gcónaí arán donn
ní ithim féin ach a leath acu,
is cuma liom.
Coirnéal eile tiubh le torthaí
bananaí, piorraí agus úll
cairéad i gcúinne eile,
deir siad beirt le haghaidh mo shúil.
Dá mbéadh deis ar bith agamsa
bhéadh mo lónsa i mo phóc’
milseáin agus barraí rudaí deasa
ar nós cóc!
33. Dánta agus rannta
Seachtain
Dé Luain: banana buí
Dé Máirt : úll glas
Dé Céadaoin: d'ól mé bainne
Déardaoin: Dheamhan blas!
Dé hAoine : d'ith mé ceapaire
Dé Sathairn : cupán tae
Dé Domhnaigh : cúpla milseáin
Agus sin agaibh é!
35. Cluiche Cuimhne
Rialacha:
Beirt imreoir ag imirt.
Cliceáil dhá uimhir.
Má tá siad ag meaitseáil, tabhair duit féin
cúig phointe.
Muna bhfuil siad ag meaitseáil, cliceáil na
huimhreacha arís chun iad a chasadh
timpeall.
Nuair a bheidh gach uimhir iompaithe
thart, beidh an bua ag an imreoir leis na
pointí is mó.
Ar aghaidh
libh!!!
Ar ais go dtí
cluichí eile