1. Scoláireacht Forbartha Pobail agus Fiontair
Tá Scoláireacht i bhforbairt pobail agus fiontar a mhairfidh suas
le dhá bhliain á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta d’iarratasóirí
Gaeltachta le líofacht Ghaeilge le hoiliúint fhoirmiúil agus taithí
phraiticiúil a fháil i réimse oibre na forbartha pobail agus fiontair.
Duine cumasach le cáilíocht 3ú leibhéal i ngnó, margaíocht, nó i
bhforbairt pobail atá á lorg. Ní mór cruinneas maith i scríobh
agus labhairt na Gaeilge agus Béarla chomh maith le scileanna
ríomhaireachta, riaracháin agus eagrúcháin/anailíseacha
d’ardchaighdeán a bheith ag iarratasóirí.
Beidh an duine seo ag tacú le foireann na Rannóige Réigiúnach
Chonnacht Laighean lena bplean oibre a chur i gcrích.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifig Údarás na Gaeltachta,
Na Forbacha, Co.na Gaillimhe. Íocfar liúntas €23,000 - €25,000
leis an té sin. Cuirtear iarratais mar aon le CV, roimh an Aoine,
20 Meitheamh 2014 chuig: An Rannóg Acmhainní Daonna,
Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Teil: 091 503100 Ríomhphost: p.oconghaile@udaras.ie