1. ConferenceFlyer_Layout 1 11/02/2013 11:46 Page 2
Comhdháil Idirnáisiúnta ar
Chearta Teanga
BAILE ÁTHA CLIATH, AN 23 – AN 25 BEALTAINE, 2013
• Deich mbliana ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) agus an reachtaíocht sin
á athbhreithniú faoi láthair.
• Súil le gach coimisinéir teanga ar domhan a bheith i láthair le labhairt ag an ócáid.
• Ionadaíocht ann ó Cheanada go dtí an Chosaiv, ón bpobal Ionúiteach sa réigiún Artach go
dtí ár gcomharsana sa Bhreatain Bheag, ón bhFionlainn go hAlbain.
• Béim ar ról an stáit agus an phobail maidir le cearta agus dualgais teanga i gcomhthéacs
teangacha atá faoi bhrú mar theangacha pobail nó mar theangacha roghnaithe.
• Beidh roinnt an dea-chleachtais agus malartú eolais ar na ceachtanna atá foghlamtha go
dtí seo i réimse na dteangacha mar aidhmeanna ag an gcomhdháil.
• Tabharfaidh an chomhdháil seo deis foghlama ó bheartais agus ó chleachtais eile, agus
deis staid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre a mheas i gcomhthéacs
idirnáisiúnta.
Príomh imeachtaí na Comhdhála Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga ar siúl in Óstán Hilton,
Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2 idir 9.30am agus 5.00pm, Dé hAoine, an 24
Bealtaine, 2013.
Fáilte mhór roimh dhaoine den phobal i gcoitinne. Is gá clárú roimh ré trí:
• ríomhphost a sheoladh chuig: eolas@coimisineir.ie,
• glaoch ar: 091-504006 nó 1890-504006 (Glao Áitiúil) nó
• i scríbhinn chuig: Oifig an Choimisinéara Teanga, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire.
Eagraithe ag:
Oifig an Choimisinéara Teanga, Fiontar DCU agus Uned Ymchwil Iaith, Polisi a Chynllunio,
Ollscoil Caerdydd, [An Bhreatain Bheag].