1. Preasráiteas: Níos mó ná 700 ceantar cónaithe ainmnithe i nGaeilge timpeall na tíre
Aistrithe go Gaeilge ag Justin Ó Scanaill, Gael-Taca
I dtosach na Nóchaidí, cheadaigh comhairleoirí Chathair na Gaillimhe rún inar cuireadh in iúl gur sa Ghaeilge amháin a bheadh
ainmneacha na bhforbairtí cónaithe nua go léir sa todhchaí chun cathair láidir, dhátheangach a chur chun cinn. Tá an polasaí i
bhfeidhm i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Comhairle Contate Átha Cliath Theas anois freisin.
Ag casadh an chéid chuir Gael-Taca, eagraíocht mhargaíochta na Gaeilge atá bunaithe i gCorcaigh, seirbhís shaor in aisce, ina
dtabharfar ainmneacha Gaeilge mar rogha d’ainmneacha tithe, ar fáil d’fhorbairtí réadmhaoine. Ó shin i leith, tá níos mó ná 300
forbairt ainmnithe as Gaeilge, a bhuí le Gael-Taca. Tá pacáiste faisnéise faighte ó Ghael-Taca ag gach forbróir sa tír, tá teagmháil
déanta le han-chuid acu faoi dhó, agus cuireadh glaoch teileafóin ar chuid mhaith acu, ach go mór mór i gCúige Mumhan. Ba é
Pádraig Ó Cuanacháin, stiúrthóir margaíochta le Gael-Taca, a bhfuair bás sa bhliain 2008 an fear a bhí freagrach as bheith ag
deighleáil leis na fobróirí, ach ba iad daoine eile san eagraíocht a smaoinigh ar na hainmneacha i ndáiríre.
Ag tosú i 2009 d’fhéach mé ar roinnt suíomh Greásáin réadmhaoine do roinnt contae agus rinne mé taispeántais sleamhnáin de na
forbairtí a raibh ainmneacha Gaeilge orthu, agus d’uaslódáil mé iad ar Slideshare.net. Tá an tionscadal leathnaithe go ceantair is
cuma má tá siad sean nó nua, i ngach contae in Éirinn ó thuaidh agus ó dheas, a bhfuil ainmneacha Gaeilge orthu. Nuair a aimsím áit
a bhfuil ainm Gaeilge uirthi nach bhfuil taifeadta agam fós, cuirim é leis an r-thionscadal agus féachaim ar na suíomhanna
réadmhaoine gach cúpla mí chun a bheith ar an eolas mar gheall ar na logainmneacha nua sa Ghaeilge, agus na hainmneacha sin a
chur leis ar an gcuma chéanna.
Is iad na contaetha ina bhfuil an méid forbairtí Gaeilge is mó ná suas go dtí seo ná:
1) Gaillimh 121
2) Corcaigh 93
3) Dún na nGall 45
4) An Clár 39
5) Ciarraí 39
6) Liatroim 32
7) Baile Átha Cliath 30
8) Loch Garman 28
9) Port Láirge 28
10) Maigh Eo 28
2. Is é mo bharúil gur chóir go mbeadh coiste ainmnithe ag gach comhairle Cathair agus Contae sa dtír. Tá siad ag roinnt comhairlí
cheana féin. Ní foláir úsáid ainmneacha Gaeilge a spreagadh go hoifigiúil, ach níor chóir go gcuirfí an próiséas seo i bhfeidhm mura
gceadaíonn comhairleoirí Gaeilge a chur ar a bhforbairtí ar fad. I mo thuairimse, ba chóir go n-ainmneofaí gach forbairt go
dátheangach, ar a laghad, agus go mbeadh méid agus cló an Bhéarla agus méid agus cló na Gaeilge ar chomh-mhéid ar na colúin ar
an slí isteach go forbairtí nua.
www.slideshare.net/darrenjprior/presentations
Nótaí
1) Ní ceantair tí amháin é fiú ceann de forbairtí seo.
2) Is sa chontae atá an chuid is mó de na forbairtí lán-Ghaeilge i gCorcaigh. Níl mórán sa chathair nó sna bruachbhailte.
CRÍOCH-ENDS
Darren Mac an Phríora
R-Phost: darrenjmacanphriora@gmail.com
Suíomh Gréasáin: darrenjprior.blogspot.ie
Bhí mé i nGael-Taca agus tugadh onóir dom obair le Pádraig Ó Cuanacháin. Sheol mé na céadta ainmneacha chuige i rith tréimhse 5
bliain agus chuaigh sé i dteagmháil leis na forbróirí-ag moladh a gcinneadh ainmneacha Gaeilge a roghnú agus ag tabhairt faisnéise
dóibh mar gheall ar an tseirbhís shaor in aisce dá mba mhian leo í a úsáid sa todhchaí.